Careers
The Economic and Social Research Institute (ESRI) - Director/CEO
The Economic and Social Research Institute (ESRI) is Ireland’s leading independent research organisation, dedicated to producing high-quality research that informs public policymaking and civil society.
Established in 1960, the ESRI is at the forefront of economic and social research in Ireland, providing evidence-based insights that shape policies for a more inclusive, prosperous, sustainable, and decarbonised Ireland. ESRI’s leading, policy-informing research spans twelve research areas, in a highly collaborative approach with government agencies, academic institutions and international organisations to address the most pressing issues of our time.
The ESRI’s vision is to be a world-class research institute, reflecting its commitment to research excellence, integrity, and innovation in every endeavour, to make a meaningful impact on society through high-quality research.
The Council of the ESRI is seeking a dynamic and accomplished leader to take on the role of Director/Chief Executive Officer to drive forward its impact on public policy and society. Reporting to the Council of the ESRI, the Director will be responsible for the overall leadership of the Institute, enhancing its excellent reputation, promoting its development, and ensuring its financial sustainability. Working as an ex-officio member of the Council, the Director will shape and deliver the Institute’s strategic direction, maintain a culture of excellence, and represent the ESRI in various public and policy forums. They will prepare and lead the implementation of the Institute’s research strategy founded on its independence and commitment to excellence, secure funding, engage with and build stakeholder relationships, and uphold the Institute’s commitment to equality, diversity, and inclusion. The Director will also oversee the Institute’s compliance with statutory requirements, and lead the professional development of its people.
The ideal candidate will be ambitious for the Institute’s future, an experienced leader with a strong background in research and research management and will demonstrate:
- Academic credibility and a proven track record of high-quality publications and successful research grant applications;
- Extensive experience in strategic planning and execution;
- Excellent leadership and management capabilities, with the ability to inspire, motivate and develop a diverse team;
- Financial acumen and the capacity to create and deliver a sustainable, strategic financial future for the ESRI;
- A deep understanding of the Irish public policy environment and the ability to engage effectively with a wide range of stakeholders;
- A commitment to the principles of equality, diversity, and inclusion;
- Strong communication and presentation skills, with the ability to represent the ESRI in public and policy forums.
This is a significant opportunity to lead the ESRI’s contribution to public policymaking on the substantive issues of our times and to shape its future strategic direction.
For a confidential discussion and further information on this role, please contactPwC Executive Search, Pauline McAlester on +353 87 913 8474 or Ellen Roche on +353 87 637 0812.
To make a submission please send a comprehensive curriculum vitae and a personal statement outlining your fit for the role to ie_recruitment_esri_dir@pwc.com.
The closing date for receipt of applications is 5.30pm on Friday, 14th February 2025.
The ESRI is an equal opportunities employer and is committed to accommodating the needs of people with disabilities to enable them to participate in the selection process. Please let us know if you have any particular requirements should you be invited for assessment/interview or that you wish us to take into account when considering your application.
An Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (an ITES) - Stiúrthóir
Is í an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (an ITES) an eagraíocht neamhspleách taighde is mó le rá in Éirinn agus í dírithe ar shaothar taighde ar ardchaighdeán a dhéanamh atá ina lón eolais maidir leis an mbeartas poiblí a cheapadh agus ag an tsochaí shibhialta. Sa bhliain 1960 a cuireadh an ITES ar bun agus bítear ar thús cadhnaíochta maidir le taighde eacnamaíochta agus sóisialta in Éirinn, ionas go gcuirtear ábhar léargais ar fáil atá bunaithe ar fhianaise agus a bhíonn ina lón eolais maidir le beartais a cheapadh ar mhaithe le tír níos uilechuimsithí, níos rachmasaí, níos inbhuanaithe agus níos dícharbóinithe. Pléitear i saothar taighde ceannródaíochta an ITES le raon leathan réimsí éagsúla, ina measc cúrsaí sláinte, oideachais, comhshaoil agus maicreacnamaíochta agus cuirtear chuige trí chomhoibriú go dlúth le gníomhaireachtaí rialtais, forais léinn agus eagraíochtaí idirnáisiúnta d’fhonn díriú ar cheisteanna príomhthábhachta na linne. Is é atá de mhisean ag an ITES a bheith ina fhoras taighde den scoth an domhain ar léir an dúthracht maidir le sárfheabhas taighde, ionracas agus nuálaíocht i ngach beart dá ndéantar d’fhonn dul i bhfeidhm ar an tsochaí le saothar taighde ardchaighdeáin.
Tá ceannaire fuinniúil ábalta á lorg ag Comhairle na hInstitiúide um Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta a thabharfaidh faoi ról an Stiúrthóra/Phríomhfheidhmeannaigh chun an tionchar ar an mbeartas poiblí agus ar an tsochaí a bhrú chun cinn. Beidh an Stiúrthóir, a thugann tuairiscí do Chomhairle na hInstitiúide um Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, freagrach as ceannaireacht na hInstitiúide go forghinearálta, as cur arís eile le dea-chlú na hInstitiúide, as forbairt a hInstitiúide a chur chun cinn agus as inbhuanaitheacht chúrsaí airgeadais na hInstitiúide a chinntiú. Oibreoidh an Stiúrthóir, mar chomhalta ex officio den Chomhairle, chun stiúir straitéiseach na hInstitiúide a chóiriú agus a thabhairt i gcrích, cultúr sárfheabhais a choinneáil ar bun, agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an ITES i bhfóraim phoiblí agus i bhfóraim beartais. Déanfaidh an Stiúrthóir ullmhú agus stiúradh maidir le straitéis taighde na hInstitiúide a chur i bhfeidhm bunaithe ar an neamhspleáchas agus ar an dúthracht maidir le barr feabhais, maoiniú a chinntiú, caidreamh a chothú agus a neartú le páirtithe leasmhara agus dúthracht na hInstitiúide maidir le comhionannas, iléagsúlacht agus lánpháirtíocht a chaomhnú. Déanfaidh an Stiúrthóir maoirseacht freisin maidir le cloí na hInstitiúide lena n-éilítear faoin reachtaíocht agus forbairt ghairmiúil lucht na hInstitiúide a chur chun cinn agus a chothú.
Duine uaillmhianach maidir le todhchaí na hInstitiúide, duine le taithí ar cheannaireacht, ar shaothar taighde agus ar an mbainistíocht maidir le saothar taighde a bheidh sa sáriarrthóir foirfe agus beidh teist ina leith maidir le:
- iontaofacht i gcúrsaí léinn, foilseacháin ardchaighdeáin agus iarratais den rath ar dheontais taighde;
- an-taithí ar phleanáil agus cur i bhfeidhm straitéise;
- acmhainn shármhaith ceannaireachta agus bainistíochta agus an cumas foireann iléagsúil daoine a spreagadh, a ghríosadh agus a fhorbairt;
- géire intinne maidir le cúrsaí airgeadais agus an cumas todhchaí chúrsaí airgeadais an ITES a leagan amach go straitéiseach inbhuanaithe agus a thabhairt i gcrích;
- tuiscint dhomhain ar réimse an bheartais phoiblí in Éirinn agus an cumas caidreamh a dhéanamh go héifeachtúil le réimse leathan páirtithe leasmhara;
- dúthracht maidir le prionsabail an chomhionannais, na hiléagsúlachta agus na lánpháirtíochta;
- sárscileanna cumarsáide agus cur i láthair, agus inniúlacht maidir le seasamh ar son an ITES i bhfóraim phoiblí agus i bhfóraim polasaí.
Is iontach an deis é seo seo cion tairbhe an ITES maidir leis an mbeartas poiblí faoi cheisteanna tromchúiseacha na linne a stiúradh agus an straitéis maidir leis an am atá le teacht a leagan amach.
Is féidir plé príobháideach faoi rún ar an bpost a dhéanamh agus eolas breise a fháil ina leith ach glaoch ar PwC Executive Search, Ellen Roche ar +353 87 6370812.
Is féidir iarratas a chur faoi bhráid trí curriculum vitae cuimsitheach, maille le ráiteas pearsanta ina leagtar amach d’oiriúnacht don phost, a sheoladh chuig ie_recruitment_esri_dir@pwc.com
Beidh muid ag glacadh le hiarratais go dtí 5:30 i.n. ar 14 Feabhra 2025.
Is fostóir comhdheiseanna é an ITES atá tiomnaithe do fhreastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas, chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa phróiseas roghnúcháin. Le do thoil, cur in iúl dúinn aon riachtanas ar leith atá agat má tá cuireadh tugtha duit teacht chuig eaglamh/measúnú, nó aon rud ar mhaith leat go gcuirfí san áireamh é.